Cartlann Grianghraf an tSléibhe Dhuibh


BAILIÚCHÁN DE GHRIANGHRAIF Ó 1960~ Cuireadh na grianghraif in ord sna gailearaithe, is féidir teacht orthu thíos,
BAILIÚCHÁN DE GHRIANGHRAIF ÓN tSLIABH DHUBH

Grianghraif stairiúla, plandaí agus ainmhithe, timpeallacht nádúrtha agus íomhanna eile.


Tháinig formhór na ngrianghraf seo ó chúpla duine, ach ba mhian linn cur go mór leis agus an tionscadal agus le feasacht ar ardú faoin tSliabh, ón mhianadóireacht a tharla agus a tharlaíonn go háilleacht nádúrtha an tsléibhe. Má tá aon ghrianghraif agat, is cuma cé acu suntachasach nó nach bhfuil, is cinnte go gcuirfidh siad leis an tionscadal.


UASLÓDÁIL DO GHRIANGHRAIF DÉAN TEAGMHÁIL LINN
FLORA AGUS FAUNA

Amharc ar an réimse fairsing de phlandaí agus de bhláthanna


Tá réimse leathan de phlandaí agus de bhláthanna ar an tSliabh Dhubh, idir speiceas nádúrtha agus neamhchoitianta. Cé go bhfuil neart fianáise ann den chuid is mó dóibh, ní bheadh a fhios ag aon duine an oiread plandaí a cailleadh ag an mhianadóireacht agus an tionsclú a rinneadh ar thimpeallacht nádúrtha an tSléibhe Dhuibh.


Amharc ar an Chartlann

CARTLANN GRIANGHRAF

Cuirtear grianghraf agus gailearaithe úra leis an chartlann i rith an ama.

CARTLANN FÍSEÁN


Rachaidh an chartlann físeán i méid de réir mar a théann an tionscadal seo ó neart go neart. Cuir do sheoladh leis an liosta seoltaí le fógra a fháil nuair a chuirtear ábhar úr leis an chartlann.

Má tá aon phíosa scannánaíochta agat ón am a chuaigh thart, a bhaineann leis an tSliabh Dhubh, is féidir dul i dteagmháil linn ar an leathanach Teagmháil, dá mbeadh suim agat é a roinnt linn.

Uaslódáil d'Fhíseáin Anseo

AINMHITHE AN tSLÉIBHE

Amharc ar an réimse fhairsing d'ainmhithe a mhaireann ar an tsliabh agus ar na gaobhair.


Taispeánann an gailearaí seo an oiread ainmhithe a mhaireann agus a chuireann fúthu ar an tSliabh Dhubh. Cé go bhfuil cuma phléisiúrtha ar an tírdhreach, tá an saol crua ar an tsliabh, agus déanann an gailearaí seo iarracht cur síos ar an stíl mhaireachtála dheacair sin do chónaitheoirí an Chnoic.


Amharc ar Albam na nAinmhithe
UASLÓDÁIL DO CHUID COMHAD

Déan taifead ar do chuimhní cinn ar an tSliabh Dhubh


Caomhnaíonn Foireann Athmhúscailt an Fhathaigh an Chartlann, agus nuair a chuireann tú do chuid comhad féin air; ceadóidh duine ón fhoireann é, agus cuirfear do chomhaid leis an chartlann.


UASLÓDAIL DO CHOMHAID
FUNGAI

GAILEARAÍ NA mBEACÁN


Amharc ar ghailearaí na mbeacán ó mhórcheantar an tSléibhe Dhuibh. De réir a chéile, tiocfar ar níos mó cineálacha fungai ar an tsliabh agus is bunachar sonraí infheicthe é Gailearaí na mBeacán do na speicis ar thángthas orthu go dtí seo.

  • English
  • Gaeilge