Cartlann Grianghraf an tSléibhe Dhuibh
BAILIÚCHÁN DE GHRIANGHRAIF Ó 1960~ Cuireadh na grianghraif in ord sna gailearaithe, is féidir teacht orthu thíos,
BAILIÚCHÁN DE GHRIANGHRAIF ÓN tSLIABH DHUBH
Grianghraif stairiúla, plandaí agus ainmhithe, timpeallacht nádúrtha agus íomhanna eile.
Tháinig formhór na ngrianghraf seo ó chúpla duine, ach ba mhian linn cur go mór leis agus an tionscadal agus le feasacht ar ardú faoin tSliabh, ón mhianadóireacht a tharla agus a tharlaíonn go háilleacht nádúrtha an tsléibhe. Má tá aon ghrianghraif agat, is cuma cé acu suntachasach nó nach bhfuil, is cinnte go gcuirfidh siad leis an tionscadal.


FLORA AGUS FAUNA
Amharc ar an réimse fairsing de phlandaí agus de bhláthanna
Tá réimse leathan de phlandaí agus de bhláthanna ar an tSliabh Dhubh, idir speiceas nádúrtha agus neamhchoitianta. Cé go bhfuil neart fianáise ann den chuid is mó dóibh, ní bheadh a fhios ag aon duine an oiread plandaí a cailleadh ag an mhianadóireacht agus an tionsclú a rinneadh ar thimpeallacht nádúrtha an tSléibhe Dhuibh.
CARTLANN GRIANGHRAF
CARTLANN FÍSEÁN
Rachaidh an chartlann físeán i méid de réir mar a théann an tionscadal seo ó neart go neart. Cuir do sheoladh leis an liosta seoltaí le fógra a fháil nuair a chuirtear ábhar úr leis an chartlann.
Má tá aon phíosa scannánaíochta agat ón am a chuaigh thart, a bhaineann leis an tSliabh Dhubh, is féidir dul i dteagmháil linn ar an leathanach Teagmháil, dá mbeadh suim agat é a roinnt linn.
AINMHITHE AN tSLÉIBHE
Amharc ar an réimse fhairsing d'ainmhithe a mhaireann ar an tsliabh agus ar na gaobhair.
Taispeánann an gailearaí seo an oiread ainmhithe a mhaireann agus a chuireann fúthu ar an tSliabh Dhubh. Cé go bhfuil cuma phléisiúrtha ar an tírdhreach, tá an saol crua ar an tsliabh, agus déanann an gailearaí seo iarracht cur síos ar an stíl mhaireachtála dheacair sin do chónaitheoirí an Chnoic.


FUNGAI
GAILEARAÍ NA mBEACÁN
Amharc ar ghailearaí na mbeacán ó mhórcheantar an tSléibhe Dhuibh. De réir a chéile, tiocfar ar níos mó cineálacha fungai ar an tsliabh agus is bunachar sonraí infheicthe é Gailearaí na mBeacán do na speicis ar thángthas orthu go dtí seo.